
Leathanach tosaigh Vancouver Daily World, 22 Eanáir 1919
An Ghaeilge sa Chéad Dáil
Cuireadh mearbhall ar an líon mór iriseoirí eachtrannacha a bhí i láthair ag suí na Chéad Dála nuair a seoladh na himeachtaí trí Ghaeilge. Ba é an scéal a bhí ar leathanach tosaigh Vancouver Daily World British Columbia an lá ina dhiaidh:
“Declaration of Independence is Read in ‘Parliament’ in Gaelic, But Few Can Understand It - Fire of Oratory Killed by Use of Old Tongue”.
Ba mhó ná gníomh searmanais úsáid na teanga dúchais, áfach.
Bhí dlúthbhaint ag athbheochan na Gaeilge, mar aon le gnéithe eile den chultúr Gaelach, le teacht chun cinn na gluaiseachta náisiúnta sa dara cuid den 19ú haois. Ba chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a athbheochan a bhunaigh Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus reáchtáil an Conradh ranganna Gaeilge i ngach cearn d’Éirinn.