
Clúdach irisleabhair ó Lúnasa 1919 ina léirítear an fháilte chaoin a cuireadh roimh Éamon de Valera i Meiriceá, agus súile na nUasal Carson agus Lloyd George air agus iad in éad leis / An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde, Tithe an Oireachtais
Bhí an plean go rachadh Éamon de Valera go Meiriceá i 1919-20, mar a beartaíodh é, ag teacht go maith leis an dá phríomhchuspóir a bhain le gluaiseacht an scarúnachais.
Ba é an chéad chuspóir stát faoi cheilt a bhunú a bheadh ag teacht le plean Airt Uí Ghríofa le haghaidh ghluaiseacht Shinn Féin, mar a cuireadh in iúl é an tráth a bunaíodh í. D’fheidhmeodh an stát faoi cheilt sin i gcomhthráth le córas riaracháin na Breataine, agus d’fhéadfaí freisin é a chur i láthair an domhain mhóir mar stát a bhí tagtha in áit an chórais sin. Ba é an dara cuspóir go n-aithneofaí go hidirnáisiúnta gur stát neamhspleách poblachtach an stát sin. Níor thángthas i ngar don dara cuspóir sin a chur i gcrích, agus cuid mhór den airgead a bailíodh chun an chéad chuspóir a chur chun cinn, níor tugadh go hÉirinn riamh é. Chun go dtuigfimis cén fáth ar tharla na nithe sin, ní mór go leor cúinsí a thuiscint, ag tosú leis na himthosca inar cuireadh tús leis an turas.