Bhí Faisnéis Neamhspleádhchuis ar cheann de na trí théacs a bhí i gcroílár na n-imeachtaí ag an gcéad suí poiblí de Dháil Éireann.
Bhí roinnt cúiseanna leis an gcinneadh chun ráiteas a áireamh ag tagairt do neamhspleáchas na hÉireann.
Bhí roinnt cúiseanna leis an gcinneadh chun ráiteas a áireamh ag tagairt do neamhspleáchas na hÉireann.
Forógra Phoblacht na hÉireann
Seans gurb é an ceann is tábhachtaí ná an nasc a chruthaigh sé le hÉirí Amach 1916, agus go háirithe leis an bhForógra a eisíodh ag tús an éirí amach. Bhí dhá phríomhfheidhm leis an bhForógra. Ar an gcéad dul síos, dhearbhaigh sé gur Poblacht í Éire, rud a dhiúltaigh d’údarás Choróin “Shasana” in Éirinn. Ansin, luadh ann gur “Stát Neamhspleách Ceannasach” í an Phoblacht. Is é sin, d’fhógair sé go comhuaineach deighilt na hÉireann ón mBreatain Mhór agus ordaíodh ann an cineál rialtais ba chóir a bheadh ag an stát neamhspleách seo.
Is é an fhadhb a bhí leis na ráitis sin, agus leis an bhForógra tríd is tríd, ná nach raibh siad bunaithe ar aon sainordú ón bpobal go dtí an 21 Eanáir 1919 agus, mar sin, ba bheag inchreidteacht dhaonlathach a bhain leo. Bhí a dtiomantas do chuimhní cinn agus do phrionsabail sheachtain na Cásca deimhnithe ag na sé iarrthóir a toghadh ar ardán scarúnaíoch poblachtach i bhfothoghcháin na hÉireann idir 1917-18. Mar sin féin, le pobalbhreith náisiúnta amháin a d’fhéadfaí bailíocht údarásach a chur ar fáil agus a úsáid chun diúltú do vóta Pharlaimint na hÉireann, in 1800, chun é féin a scaradh amach agus aontú le haontas le Londain. Chuir toradh an toghcháin i mí na Nollag 1918, i gcodarsnacht leis sin, toradh doshéanta ar fáil go cinnte. Ardán a bhí ann mar sin chun pointe teagmhála a leagan síos leis an saol le déanaí agus i bhfad siar mar bhealach chun athrú polaitiúil a lorg láithreach bonn.
Léirigh foclaíocht an doiciméid go rabhthas ag dul siar le dul ar aghaidh. Léirigh sé féin-chomhfhios comhpháirteach na ndaoine a bhí i láthair i dTeach an Ardmhéara nach ndearna siad an méid a rinne siad an lá sin mar gheall ar an mbuanú ach mar gheall ar thoradh traidisiúin náisiúnta a bhí uasal ní de bharr aoise agus leanúnachais amháin ach mar gheall ar chomh láidir is a cuireadh in iúl é sa saol nua-aimseartha. B’oiriúnú do cheann de na téamaí móra san Fhorógra a bhí sa tagairt ann do riail Shasana in Éirinn mar díreach scéal fada de chomhéigean míleata a mhair 700 bliain ar lámh amháin agus frithbheartaíocht an phobail ar an taobh eile. Mar an gcéanna an tagairt a rinneadh d’agóid arís is arís in armas mar an léiriú is láidre den dúshlán pobail sin a leanann ar aghaidh. Bhí ráiteas den sórt sin ar chorr ar chaoi éigin leis an mbunús síochána tríd is tríd a bhain le himeachtaí ar an lá a bhí i gceist. Mar sin féin, d’atreisigh sé an nasc follasach le haimsir na Cásca 1916. Ba é an Dáil an léiriú follasach, institiúideach den Phoblacht, a bhí dearbhaithe ag an Rialtas Sealadach in 1916 agus a bhí daingnithe ag na daoine iad féin anois.
Áirítear leis an sceitse seo na trí Theachta Dála a léigh Faisnéis Neamhspleádhchuis: Cathal Brugha i nGaeilge, S. Gabhán Ó Dubhthaigh i bhFraincis agus Edmund Duggan i mBéarla/ Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Bhí brí an doiciméid ard, foirmiúil, féinmhuiníneach, agus diongbháilte. B’fhéidir go raibh roinnt den chumhacht óráidíochta a bhí san Fhorógra in easnamh san Fhaisnéis Neamhspleádhchuis – ní raibh sé éasca bróga Mhic Phiarais a líonadh tar éis an tsaoil – ach bhí an chinniúint mhórga ann dar tagraíodh sa doiciméad roimhe sin. Ar an gcaoi chéanna, rinneadh tagairt den chineál céanna do Dhia. An uair seo, bhí gné Chaitliceach Rómhánach níos follasaí don ghairm ar chúnamh Dé i gcomparáid leis na tagairtí níos ginearálta atá san Fhorógra, cé nach raibh an ghné sin go hiomlán sainráite. Bhí an ghné sin le fáil sa tagairt a rinneadh don fhortacht a sholáthair Dia Uile-Chumhachtach do ghlúnta roimhe sin in Éirinn, agus an “misneach agus buan-tseasamhacht” a bhí acu dá bharr sin “chun leanamhaint leó go treun les na céadta bliadhain gcoinnibh tíoránachta gan truagh gan taise”. Idir fortacht pholaitiúil agus fortacht chreidimh a bhí ann.
Ach b’fhéidir gurb é an chuid is suntasaí den doiciméad ná an chuid ina maítear nó ina ndéantar an t-éileamh ba chóir a rá, seans, a rinneadh sa Dáil chun aitheantas a fháil ó shaor-náisiúin na cruinne. Bhain an t-éileamh sin leis an gcreideamh go mbeadh neamhspleáchas na hÉireann ina choinníoll “chun síothcháin a chur i n-áirithe do’n domhan”. Tharraing an leagan amach cliste sin aird rialtais choigríche a bhí toilteanach éisteacht leis na buntáistí a gheobhaidís as aitheantas a thabhairt do Phoblacht na hÉireann, agus go mór mór ó na srianta a chuirfí ar chumas na Breataine a cumhacht cabhlaigh agus tráchtála a thaispeáint ar fud na cruinne. Bhí féinleas nasctha mar sin le nóisin na moráltachta – meascán a bhí ag teacht i bhfad níos fearr leis an méid a bhí ag tarlú go hidirnáisiúnta ná impí bunaithe ar an moráltacht amháin. Bhí cumhacht sin na Breataine chomh láidir, áfach, nár leor focail iontu féin chun é a chur dá cosa.
Scéal fada
Bhí an Clár Oibre Poblacánaighe beartaithe a bheith mar ráiteas údarásach ar aidhmeanna na gluaiseachta réabhlóidí i réimsí an bheartais shóisialta, agus tá sé fós amhlaidh.
Léigh níos mó
Scéal fada
Bhí an plean chun aitheantas idirnáisiúnta a lorg maidir le Poblacht neamhspleách na hÉireann mar chuid lárnach den straitéis a raibh an Chéad Dáil ag gabháil di.
Léigh níos mó
Scéal fada
Cuidíonn taifid riaracháin agus nós imeachta na Chéad Dála agus an Dara Dáil chun scéal na Dála agus a cuid Aireachtaí i dtús aimsire a insint.
Léigh níos mó