
Dlúthdhioscaí de dhíospóireachtaí parlaiminte ó 1919 go dtí 2002
Tar éis do thuairisceoirí athrú mór a dhéanamh in 1992, nuair a thosaigh siad ag tras-scríobh a gcuid téiceanna féin ba ghearr go raibh teicneolaíocht na faisnéise ag déanamh ar Oifig na nDíospóireachtaí agus é thar am aige ar ndóigh.
I rith na 1990idí, 2000idí agus 2010idí, tharla sraith forbairtí a chuir athrú ó bhonn, le chéile, ar na huirlisí agus ar na modhanna a úsáideadh chun an Tuarascáil Oifigiúil a tháirgeadh.
I lár na 1990idí, mar shampla, bhí tuairisceoirí in ann teimpléid uathoibrithe a úsáid chun innéacsanna a chruthú le haghaidh imleabhar faoi cheangal, rud a laghdaigh thar cuimse an t-am a thóg an obair. Faoin mbliain 1998, bhí tras-scríobh á dhéanamh ar gach díospóireacht Dála, Seanaid agus coiste agus bhí siad á stóráil ar líonra ríomhaire agus bhí na díospóireachtaí á seoladh go leictreonach chuig an gclódóir, Cahill’s, le foilsiú ar shuíomh gréasáin an Oireachtais agus i bhfoirm páipéir. Faoin mbliain 2000, bhí na taifeadtaí fuaime go léir de na díospóireachtaí á stóráil go digiteach, seachas i bhformáid analóige, agus ó Mheán Fómhair 2012 ar aghaidh, thosaigh foireann Oifig na nDíospóireachtaí ag foilsiú díospóireachtaí ar líne go hinmheánach.